Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Tréigeadh an oileáin sna seascaidí. Measann Séamus gur an scoil is ciontaigh le bánú an oileáin. B’éigean do na scoláirí a theacht amach go tír mór agus fuair siad blas de na rudaí a bhí le fáil amuigh. Ansin lean teaghlach amháin teaghlach eile agus níor fágadh duine ar bith istigh. | 00:03:08 | |
Bhí scoth an talaimh acu ar an oileán agus barr ar dóigh, bhí achan rud aibí níos luaithe ná mar a bhí ar tír mór. Tá cuid den chréafóg amuigh leis ar tír mór agus tá a chuid plandaí ag fás go maith. | 00:01:46 | |
Muintir Inis Bó Finne agus muintir Thoraigh agus an craic a bhíodh acu. Rachadh dream amháin ag an dream eile, bhíódh aifreann ar dtús agus ansin damhsa i rith na hoíche. Ní raibh cead ólachán ar bith a bheith acu, bhí an sagart in a éadan. Ansin dhéanadh siad an rud céanna ar an oileán eile ina dhiaidh sin. An muintearas maith a bhí eatarthu. | 00:08:01 | |